School: Leitirfreag
- Location:
- Letterfrack, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó hIfearnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirfreag
- XML Page 012
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal
Bhí cailín ann uair amháin agus bhí sí chun phósadh. Acht bhí ar na sídheóga í fhágáil, agus ní raibh síad indhon í a thógáil gan duine beó bheith leó. Bhí fhios ag na sídheóga go leigfeadh an cailín sraith trí uaire, agus dá n-abradh aon duine Dia linn, ní bheadh na sídheóga indhon í a thógáil. Thógadar fear leó acht ba mhaith leis an fear seo an cailín.
Cuireadar an fear suas ins na fraghthacha i ndteach an cailín, mar bhí fhios ag na sídheóga go mbeadh féasta mór ins an teach, tar éis an bainnis. bhuel, in a dhiaidh an bhainnis a bhí féasta mór ag na daoine, sa teach.
Bhí an féasta, ag siubhal go breagh nuair a leig an cailín sraith, agus níor dhubhairt aoinne, Dia linn, do leig sí sraith eile, acht níor dubhairt aoinne, Di linn, nuair a leig sí an treasna sraith dubhairt an fear a bhí suas ins na fraghthachaib Dia linn a Mháire Ní Uaithín. Le sin thug na sídheóga buille dó agus thuit sé síos ar an mbord. Ón lá sin go dtí an seo, nuair a leigeann sraith, séard a deireann na daoine, ná, Dia linn a Mháire ní Uaithín.
Fuair mé an scéal seo ó Mhach Uí Mhainín, Ros Muc.
Domhnall Ó hIfearnáin- Collector
- Domhnall Ó hIfearnáin
- Gender
- Male
- Informant
- Mach Uí Mhainín
- Address
- Ros Muc, Co. Galway