School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 203

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 203

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 203
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”
  4. XML “Féilí na Bliana - An Dara Lá Déag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag ithe chomh mhaith is a bheith siad inann. Deanann bean an tighe caca milis agus cuireann sí fainne innti. An duine geibhfeann an fáinne, phósfaidhthe sé.
    Oidhche Shamhna freisin bíonn go leór sean nósa ag na daoinibh. Cuireann síad púicín ar duine eicint, gheobhann síad fó-cupán lán de créafoig agus fo cupán de uisge glan fo cupán de uisge salach fo cupán eile agus paidrín inntí. An duine a leagann a láimh ar an paidrín beadh sé in a mhanach, an duine a cuirfheadh a láim ar an uisge salach do phosadh sé baintreabach, an duine a cuirfeadh a láimh san uisge glan phosfhadh sé cailín maith, an duine a leagadh a láimh ar an gcréafoig gheobhadh sé bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An dara oidhche deag, sé sin an oidhche roimhe, deirtear go n-iompuightear an fior-uisge ins na h-iomair uisge go fíon. Cúpla lá roimh an oidhche faightear broibheanna móra láidra agus deanann muinntir an tighe dhá choineal déag asta, le geir. An dara oidhche deag annsin, cuirtear in a seasamh ar chac-bó iad. Lastar iad in onóir an dá aspal deag. An duine is óige sa tigh a lasanns iad. Fághann gach duine coineal áiritha dó féin, agus an coineal a mhuchanns i dtosach, 'sé an duine ar leis é, a fhághanns bás i dtosach, deirtear. Nuair a bhionn na coinlí ar fad múchta, cuirtear an cac-bó suas i mbothán na mbó, sa gcaoi go mbeadh na ba saor ó aicéidí na bliadhna. Deirtear an Paidrín Pairteach thart timcheall na gcoineal fhad is bhionn siad 'gá lasadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Epiphany (~58)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál C. de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    Crumlin, Co. Galway