School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 279
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí siad an bhocht.

    Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí siad an bhocht. Bhí go leor gasúr aca. Bhí aon bhó amháin aca.
    Aon lá amháin dubhairt an fear go ngabhfadh sé ar an aonach leis an mbó. Nuair a tháinic lá an aonaigh d'imthigh sé go moch ar maidin. Thug sé leis an bhó agus dhiol sé í ar dheich bpunt. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonnaic sé beirt ghárdaí agus fear ag déanamh air. Bhí fhios aige gur fear é a bhí tógtha aca. "Cé an fáth a bhfuil an fear seo agaibh" adeir sé. "Ghoid sé deich bpunt agus níl aon phinghin aige le níoc" adeir an gárda. "An leigfeadh sibh abhaile liomsa é má íocaim deich bpunt air" adeir an fear a dhíol an bhó. "Leigfe" adeir an gárda. Thug sé don ghárda an deichbpunt a fuair sé ar an mbó. D'imthigh an bheirt ghárdaí ina mbealach féin. Shiubhail an beirt fear go mall réidh gur tháinic siad chomh fada le teach an fhir a bhí ar an aonach. Nuair a tháinic siad isteach d'fiafruigh bean an tighe dhá fear an rabh aon bhlas feóla aige le cur sa bpota a bhí ar an teine. "Ó níl mar an méid airgid a fuair mé ar an mbó thug mé do bheirt ghárdaí a bhí ag tabhairt leo an fear bocht seo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Neachtain
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Glinn Chatha, Co. Galway