School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 204

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 204

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 204
  3. XML “Daoine Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    beaga eile. Bíonn carrannaí agus capaill ag cuid acu ag dul thart gach la sa samhradh agus bíonn siad ag cruinniú sean-éadaí. Is iad na déirce is mó a bhídís ag iarraidh ansin, ná plúr, fataí, bainne, tae, siúcra, agus go leor rudaí eile mar sin. Bíonn cábáin ag cuid acu ar thaobh na mbóithre agus bíonn carrannaí acu ag dul thart chuig na tithe ag iarraidh féir, tuí, agus go leor rudaí eile mar sin. Má bhíonn aon tsoitheach le deisiú ag aon duine deisíonn siad iad ar sé pingine nó scilling a thabhairt dóibh. Bíonn siad an-bhuíoch d'aon duine a thugann déirce dóibh. agus bíonn cuid acu ag iarraidh airgid freisin. Ní thugann siad aon bhia leo ná aon rud le n-íthe ach faigheann siad é sa teach a mbíonn siad ar lóistín ann. Bíonn siad ag guí agus ag rá paidreacha nuair a bhíonn siad ag iarraidh déirce ar na daoine agus mura bhfaigheann siad aon déirce tosaíonn siad ag eascainí agus ag rá gan an t-ádh a chur ar an teach. Ní bhíonn méid airgid acu agus tugann siad pictiúr beannaithe do bhean an tí a mbíonn siad ar loistín ann.
    Ainm an scoláire
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Leitirmaoláin, Co na Gaillimhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
    Informant
    Maighréad Bean Mhic Dhonnchadha
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway