School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 263
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach is an chlaidheamh a bhí ar an mballa a thabhairt leis. Thug an fear a bhí [!] bhfolach leis an chlaidheamh agus nuair a tháinig an fathach istheach mharbhuigh sé an fear. Tháinig an dara duine isteach agus mharbhuigh sé é freisin. Nuair a tháinig an caiptín isteach bhain sé an cloigeann dhe. D'fhan an tríomhadh fathach amuigh go cheann tamaill agus nuair a tháinig sé isteach mharbhuigh an fear é. Annsin chuaidh sé amach ag siubhal agus casadh triúr cailleacha air. Dubhradar leis iad a fhágal ar oileán. Chuaidh sé agus fuair sé bád agus nuair a bhíodar sgaitheamh amach ar an bhfairrge dubhairt an fear go raibh poll ar an mbad. Chaith sé na cailleacha amach ar charraigh agus bháthadh iad. Chuaidh sé féin ar an oileán agus chonnaic sé sean-fhear a bhí i dteach beag. Chuaidh sé isteach chuig an sean-fhear agus dubhairt sé leis go dtiubharfadh sé inghean a bhí na cómhnuidhe i néinfeacht leis le pósadh dhó. Bhí go leór airgid aice agus phós sí fhéin agus an fear seo agus d'fhág an sean-fhear an teach agus an talamh aca nuair a cailleadh é fhéin.
- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Laighidh
- Gender
- Male
- Age
- 96
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gólam, Co. Galway