School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 111
  3. XML “Mánas (Mághnus)”
  4. XML “Seanfhocail na hÁite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    abhaile. Chuaidh bean Mhághnuis a chodhladh. “Teirigh a chodhla lé do bhean a stór” ars a mháthair. Bhí sé ag árduighad staighre ag dul a chodhla. Sgiorr a greim agus thuit sé anuas i mbairrle uisge agus báthadh é. Bhí a mháthair an-brónach 'na dhiaidh acht ba bhrónaighe a bhean.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Is geal leis an bhfiach dubh a gearrcach féin.
    Glor árd gníomh beag.
    Nuair a bhíos an tól istigh bíonn an chiall amuigh.
    Sgeitheann fíon fírinne.
    Níl cathair mar a tuairisg.
    Níor dóigh an sean-chat é féin riamh.
    Is maith an t-annlann an t-ocras.
    “Is luachmhar é an tanam” mar dubhairt an táilliúr agus é ag rith on ganndal.
    Is túisge deoch ná sgéal.
    Is fearr marcaidheacht ar ghabhar ná coisidheacht dhá fheabhas.
    Is fearr go mall ná go bráth.
    I ngan fhíos do'n dlighe seadh is fearr bheith ann.
    Bíonn blas ar an mbeagán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Coidhin
    Gender
    Male
    Age
    15
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway