School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 415
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí Tighearna ann fadó agus bhí cailín aimsire aige a bhí an-chliste.”
Bhí tighearna ann fadó agus bhí cailiín aimsire aige a bhí an-chliste. Chuaidh sé ag fiadach lá agus dubhairt sé leí béile maith a beith reidthighthedó nuair thiocfadh sé ar ais mar go mbeadh duine uasal leis. D'iarr sé uirthi dhá lach a mharbhughadh. Rinne sí amhlaidh agus fá cheann tamaill chuaidh sí amach le féachaint an raibh an tighearnaag teach ach ní raibh. Chuaidh sí isteach annsin agus fuair sí roinnt agus d'ól é agus dith an dá lach. Chuaidh sí amach annsin agus chonnaic sí an tighearna ag teacht. Tháinig sé isteach i dtosach ar an bhfear a bhí leis agus d'iarr ar an gcailín an dinneár a thabhairt dóibh. Chuaigh sí amach agus dubhairt leis an bhfear amuigh go raibh an tighearna leis an dá chluais a bhainnt de. Rith sé chomh maith is bhí sé in ndan. Dubhairt sí leais an tighearna gur thug an ferar eile leis an dá lach. Rith an tighearna amach agus ghlaoidhair ach sin a raibh aige dá' bárr.Scéal
“Fadó bhí fear agus a ceahrar mac ina gcóimhnuidhe 'san Iarthar.”
Sgéal
Fadó bhí fear agus a ceatrar mac i n-a gcómhnuidhe 'san Iarthar. Bhíodar bocht agus d'oibrighidís do thighearna talmhan na h-áite. Lá amháin bhí an ceathrar mac ag obair i bpáirc agus tháinig an tighearna chuca. Dfhiafruigh sé díobh an rachaidís ag bualadh báire fá cheann cúpla lá, i n-éinfeacht le daoine eile. Dubhradar go rachfadh. Bhí geall curtha ag an tighearna le fear eile nach raibh aoinne sa gconndae chomh maith leó. Níor thaithnigh leis an athair iad a dul(continues on next page)- Collector
- Liam Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- Driseachán, Co. Galway