School: Ceann Trágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceann Trágha (Ventry)
  2. XML Page 035
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí garsún ann fadó agus bhí sé go bocht.

    (continued from previous page)
    agus gan fágtha ach an briste agus beirt muinirthle. Thug an Rev Mother síntús do i gcóir an bhóthair. Do bhí sé ag siubhal leis Ó Chonndae Chorcaighe agus am Nodlag aríst bhí sé in a áit féinig. An Domhnach nuair a bhí an pobal go léir bailighte ag an ndorus i gcóir an Aifrinn do gaibh an garsún bocht isteach agus gan air ach an briste agus an bheist. Bhí gach aon aoinne ag feuchaint air. Bhí an sagart paróiste céadna ar an dorus nuair a gaibh sé isteach thairris. Do chonaic an sagart é agus d'aithin sé é. Bhí pictiúr na Maigdine Muire ag crocadh istigh de'n doras agus nuair a labhair an sagart leis dúlaig an pictiúir agus connac an sagart é. Annsan cuimnig sé ar an tam a chuir sé iachall air an paróiste d'fhágaint. D'iarr sé air cad a thárluig do ó fág sé an áit agus d'innis an garsún bocht an sgéal do tríd síos, mar gheall ar an Rev Mother agus an oidhche a bhí sé chun codlata sa clochar agus mar gheall ar an nduine uasal a bhuail leis agus a bhí ag imirt cártaí leis. "Ní gádh duit do chosa do corruighe go deo aríst" arsa an sagart
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Gender
    Female
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Chathair Aird, Co. Kerry