School: Ceann Trágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Uair amháin bhí bean san oileán agus bí clann mhór aici. Bhí sí ana bhocht agus dfanadh sí sias gach oidhche go dtí a dó a chlog ag sníomh le torann.
Oidhche amhain dafn sí suas agus bhí an líon-tighe go leir imthighthe a chodhladh.
Tímcheall ceathramhadh chun a dó thainig cnag go dtí an doras agus chuaidh an bhean síos chun an doruis d'oscailt. Tháinig seisean (mná) ban feasa isteach agus thosnuigheadar ag sníomh. Chuaidh bean aca agus fuair sí grainne plúir chun chiste dhéanamh. Ní raibh aon braon bainne istig agus níor dhein an bhean feasa aon nídh ach dul síos sa t-seómra agus braon fola a thógaint as cliathán gach duine a bhí na chodhladh.
Ansan dhein sí an ciste leis an bhfuil agus chuir sí ar an dteine é. Faid a bhí sé ar an dteine chuireadar iachall ar mnaoi an tighe dul go dtí an tobar ag triall ar braon uisce chun té a dhéanamh dóibh.
D'imthig an bhean agus scannradh an domhain uirthi. Nuair a thog sí aníos an tuisce do labhair an guth aníos léithe agus dúíbhairt sé léithi nuair a raghadh sí abhaile a(continues on next page)- Informant
- Uilliam Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cill na gColmán, Co. Kerry