School: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (roll number 12198)
- Location:
- Teeromoyle, Co. Kerry
- Teacher: Conchubhar de Barra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rígh in Éirinn fadó riamh ó shoin agus fadó ó shoin é agus bhí triúr mac aige. Lá des na laetheannta agus uair des na h uaireannta agus tráth des na tráthanna dubhairt se le'n a thriúr mac go dtógfadh sé cúirt nuadh. Bhí san go maith agus ní raibh go h-olc. Bhí an triúr mac toilteannach leis. Chuir an rí gairm scoile amach annsan go caithfeadh gach aoinne tímcheall na h áite an cúirt a thógaint. Annsan do tosnuigheadar ar bheith ag tógaint na cúirte fé cheann seachtmhaine 'na dhiaidh sin.
An chéad lá do thosnuigheadar thainig éan ós a gcionn anáirde ag seinm ceóil. Nuair a chualaidh triúr mac an ríogh an téan ag seinm ceóil dubhradar gur mhór an truagh gan an t éan san bheith aici feinigh. Do leanadar an t éan annsan ad' iarraidh breith air agus d'imthigh an t éan uatha i bhfolach i bhfaill. Thángadar abhaile annsan agus ní raibh aon tuairisg ar an éan aca.
Bhí san go maith go dtí lár na mháireach nó go gtosnuighdear ar obair(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Leidhin
- Gender
- Female
- Address
- Boulerdah, Co. Kerry