School: Baile 'n Sceilg (B.)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Seán P. Ó Súilliobháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 212

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 212

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile 'n Sceilg (B.)
  2. XML Page 212
  3. XML “Ministir do Fuair Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus dubhairt sé gur teó ná san an chistin a bhí anois aige . Connus é sin arsa an sagart paróiste. Is mó éagchóir a dhein sé an na daoine bochta arsa an sagart óg agus tá sé thíos i n Ifreann gabhta le slabhraí fén dtráth so. Is amhlaidh a bhí mac an mhinistir dtaobh istigh den chlaidhe ag éisteact leo. D' imigh na sagairt ortha abhaile ach ní fada dóibh sa bhaile nuair a chuir mac an mhinistir teachtaire go dtí an sagart óg ag tabhairt cuireadh dó teacht chun dinnéar. . Táim eaglach arsa an sagart paróiste gurbh amhlaidh a chualdih sé an chaint ó chianaibh agus nách aon cuireadh fóghanta an cuireadh atá fachta agat. Pé olc maith é arssa an sagart óg raghadh sa go dtí an dínnéar agus do ghléas suas é féin agus seo chun bóthair é agus scrois sé tigh an mhinistir. Bhí mac an mhinistir ag seasamh sa doras roimis agus do glaoidh sé ar isteach sa tseomra agus nuair a bhí sé istigh dhún sé an doras air. Bheir sé ar guna a bhí istigh sa tseomra ládála . Tabhair cúntas dom ar an gcaint dubhrais ó chianaibh dtaobh m'áthar arsa mac an mhinistir nú muna dtabharfaid gheohaid a bhfuil annso tríd croidhe. D'éirigh an sagart ina sheasamh agus chuir sé lámh na phóca agus dearmhad sé leabhar beag sa bhaile na dhiaidh..D'iarr sé spás beag cupla nóimeat ar an ministir agus d'fhiafraigh sé de raibh aon séirbhíseach sa tigh agus má bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Súilliobháin
    Gender
    Male
    Address
    An Com, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Súilliobháin
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    An Com, Co. Kerry