School: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag (roll number 9588)
- Location:
- Knockeenbwee Lower, Co. Cork
- Teacher: Dd. Ó Ceallaigh
![The Schools’ Collection, Volume 0300, Page 363](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0300%2FCBES_0300_363.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0300, Page 363
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag
- XML Page 363
- XML “Loch Bó Finne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Loch Bó Finne"
Trí mhíle soir ó Beann Traighe atá Loch Bó Finne. Loch cuibhreach mór atá ann.
Bhí feirmeoir beag 'na chomhnaidhe uair ar chuimeas an locha agus is beag de ghustal an tsaoghail a bhí aige. Thárla maidin Samhraidh gur tháinig maol dubh isteach 'na mhacha (maol - sin bó gan adharca)
Choimhéad sé í agus i gcionn seacht mbliana bhí seachtar laoi aici cosúil leí féin. Maidin Bealtaine thug ceann díobh spréach don bhuicéad nuair a bhí an feirmeoir á chrúdh, agus dhoirt sí an bainne go léir. Thug sé cúpla buille don stól os treasna na h-easnaidheacha. Bhí go maith gur leig sé na ba amach, ach annsan léig an tsean-maol géimh aistí sa mhacha, agus síos léi agus an seachtar inghean go dtí an(continues on next page)- Collector
- Diarmuid Ó Ceallaig
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Dromasta, Co. Cork