School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)
- Location:
- Dromclogh, Co. Cork
- Teacher: Riobárd Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Drom Clúmhach (Dromclogh)
- XML Page 334
- XML “Diarmuid Mear”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na ceudta blian ó shoin bhí fear tímcheall na h-áite seo dárb bainim do Diarmuid Mear. Bé an chéard a bhí aige ná ag deanamh criathar de gheatairí. Do dheineadh sé na geatairí do loma, do bheiriú agus do scoilteadh agus annsan bhídís go breágh ríghin. Nuair a bhíodh dorn maith deunta aige síos go Luimneach leis a ndíol. Bhí air ámhthach permit fhághail ar dtúis ó Dhómhnall Cam a bhí na chómhnuidhe siar i mBearra. Scilling luach an permit.
D'eirigh sé go moch maidin chun dul ag lorg an permit. Ag gábhail siar thar Dairithín Dhiarmuda áit éigin idir Eadargóil agus Dunbaoi bhuail duine darbh ainm Seabhróch Ua Donnchadha uime. Réice gan áird ab eadh Seabhróch. Ana fhile ab eadh é dar leis féin. Nuair innis Diarmuid do cá raibh a thriall dubhairt Seabhróch leis gur bé féin Secretary Dhómhnail Chaim agus go dtabharfadh sé féin an permit do ar cúig pinghinn. Bhí fhios ag Seabhróch ná raibh aon léigheann ag Diarmuid.
Seo é an permit a scríobh sé:
Permit ceart do Dhiarmuid Mear is é ag dul go Luimneach le ualach criathar a dhein sé a thógaint i gcoillthibh ceóig De gheatairí mór de chuillean óg.
I Ros Mhic Eóin do cheannuigh sé a bhóthar ar cúig pinghin.- Informant
- Pádruig Ua Ceocháin
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Farranfadda, Co. Cork