School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 038
  3. XML “Com Seangán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iongnadh le duine cionnus a fuair sé an t-ainm úd óir níl 'na timcheall ach cnuic beaga agus carraigeagha. Ac is ait gur ó na cnuic sin a fuair an t-ainm óir ceapadh go gcuirfeadh na carraigeacha agus na cnuic beaga ud atá fá'n loch cnuic móra seanganacha igcuimhne duit.
    Taobh thuas de'n loch cítear carraig mór ag sáitheadh amac o'n bhfaill, agus tá sin mar doras do phluais mhóir ar a dtugtar Seomra an Bhitheamhnaigh áit a chuireadh bitheamhnaig futha i n-allód. Tá an pluais measardha cumaing ag an dtosach ach téigheann sé i leithead de réir mar a théightear isteach ann. "Cró Crotaigh" a tugtar air óir deirtear gur ann a choimeadár an ropaire sin Crotaigh na h-ainmidhthe uilig a ghoideadh sé ó na daoine. Ní ann a cuir é féin fé ar cor ar bith. Bhí árus comhnuidhe aige i bpluais taobh thuas de Loch Cuimeara ar a dtugtar anois Loch Crothaigh. B'eisean duine de na ropairí ba mhó chlú san 18adh aois. San áit timcheall annsin tá a lán pluais 'na gcuireadh na bitheamhnaigh futha i n-allód agus na Fínínigh i '67 agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Location
    Comshingaun Lake, Co. Waterford