School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 111
  3. XML “Paddy Sullivan (Paddy the Rowler), Seanchaí agus an Cailín ón Saol Eile do Chíodh Sé”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann, agus bhí sé na chómhnuidhe I nDromleamh, Pádruig Ó Súileabháin an ainm a bhí air ach tugadh leas ainm air leis Paddy the Rowler. Bhíodh cailín á taisbáint féin do ón saoghal eile, agus bhí aitne maith aige uirthi sar a fuair sí bás.
    Nuair a théigheadh sé i gcómhar mála mona a thabhairt isteach bheadh sí na suidhe ar béal na cruaice, agus uaireanta catadh sé na fóid a thógaint ó gach taobh di. Nuair a théigheadh sé ag baint fhionáin, nuair a bheadh gluainín d'en fhionáin déanta aige shuidhfeadh ann, agus is mó uair, a chathadh sé imtheacht abhaile agus an gluainín do fhágaint na dhiaidh.
    Nuair a bheadh sé ag cuir an ughaim ar an asal, bheadh sé na shuidhe ar an ughaim agus ní fhéadadh sé é ghléasadh i naon chor. Is mó oidhche a bhí sé ag teacht abhaile tar éis bheith siubhal, d'fheach sé isteach tríd an bhfuinneóig agus bhí sí istigh le thais na teine ag tógaint suas na bpreátaí in a láimh a bhí le thais na teine gá gcoimeád te i gcómhar an supéir. Tháinig droch íntin ar Phádruig agus d'fheach sé ar na prataí agus fuair sé bioráin de gach saghas sáithte tríotha. Bhí eagla ag teacht air. Bhí gach aoine ag tabhairt comhairle dó cun labhairt lei. Dubhairt Pádruig go labhairfeadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Conchobhar Ó Súileabháin
    Gender
    Male
    Address
    Cappaleigh North, Co. Cork