School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)

Location:
Dooagh, Co. Mayo
Teacher:
S. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_013

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_013

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
  2. XML Page 02_013
  3. XML “Na Gadaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D’imthigh leis sios thríd bhaile mór Chathail, agus siar Gleann Chaisil, sios Béal an Mhuirthid, thart siar Muing Sheaghain Chaoich siar as sin an Geata Mór leis, agus nuair a bhí an Geata Mór fágtha aige chonnaic sé na beithidhigh ag dul siar an tráigh, agus chonnaic na gadaidhthe an fear ag teacht in-a dhiaidh faoi shiubhal mór.
    Bhí ceannphort na ngadaidhthe ag marcaidheacht, agus nuair a chonnaic sé an fear mór ag teacht in-a dhiaidh agus an siubhal mór a bhí faoi, sgannruigh sé, agus as go bráthach leis chomh tréan agus d’fhéad sé an capall a thiomáint.
    Nuair a tháinic Diarmuid suas leis na beithidhigh níor chuir sé éan áird ortha, acht lean sé an marcach, agus sul már shrioch sé a chúirt tháinig sé suas leis agus d’fhuagair sé comhrac air.
    Ní raibh éan dul as ag an ngadaidhe, agus b’éigean dó dul ar mhachaire an dubhshláin le Diarmuid agus a throid; agus mar bhí sé i sáinn throid sé go borb agus go fíochmhar le Diarmuid go ndearnadar praiseach d’en talamh, acht ar deireadh thiar thug Diarmuid buille dhá chlaidheamh dhó, agus bhain sé an ceann de, agus d’fhág sé é ag léimnigh le báinidhe ar an mhachaire, agus thionntuigh sé ar a sháil agus thug sé a aghaidh ar na beithidhigh.
    Nuair a chonnaic na gadaidhthe eile é ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Laoghaire
    Gender
    Male