Volume: CBÉ 0312

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0104

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0104

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    nó rud eicínt mar sin (adeir an sgéalaí ). An tríú h-uair d’fhreagair sí é. "Tá mé a’ tíocht," adeir sí. Lean sí dhó cho fada le Sgeach na Gaibhne, agus go dtí an áit a bhfuil sgoil Chloch-Bhaile-mhóir anois. Rug sí grim láimhe ar mhuing a’ chapaill. Tharrain seisean a chlaidhmhe agus bhain sé an lámh dhuith. D’fhan an lámh i ngrim agus muing a’ chapaill agus gcónaí, go dtáinic sé ar ais ag a’ teach níor. Cailleadh an capall maidin lárnamháireach. Níor h-airigheadh "lámh fada Dhubh," int an áit arís ní bu mhó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. *
    Fear darbh ainm Bonsidine as Garraí Bláicín, paráiste Thobar Peadair, a chuaidh go dtí an Bheilg fadó. Casadh seanfhear dhó annsin agus d’iarr sé obair air. Chuir seisean go dtí n-a athair héin é, agus chuir sé sin go dtí n-a athair héin arís é. Bhí íontas a dhóthain ar an Éireannach ar fheiceál an méid sin dó. Ach tháinic sé isteach sa teach a rabh an
    * Innseacht de "Meireach an fheóil, etc."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    1 Feabhra 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index—relevant types
    AT0726: The Oldest on the Farm
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant