School: An Cnoc (roll number 2475)
- Location:
- An Cnoc, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Brain Ó Duibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cnoc
- XML Page 150
- XML “Mo Chró Beag ag Bun Chnoc an Tí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mo Chró beag ag Bun C[h]noc a' Tighe
I
Is iomdha áit áluinn in Éirinn
Ag filidh 's lucht foghluim faoi cháil
Acht measaim gur gleanntaí Thír Chonaill
An áit ann is deise le fághail
Cha dtabharfainn ar choróin Rí Eamonn
A Phalais 'gus a stór maoineach buidhe
Mo chomhnuidhe beag féin i dTir Conaill
Mo chró beag ag bun Chnoc a' Tighe
II
Tá'n Mhucaise mhór ar taobh shiar de
Faoi nealtaí leath-bhealaigh go bun,
Tá Caisleán Mhic Suibhne taobh thoir de
Ar bhruach glas cuan Caorach na dtonn,
Tá'n cuilinn 's caorthann 's fuinnseóg
's aiteannach glas na mbláth mbuidhe
'n aghaidh doininn dubh Gheimhridh mar ghárda
In mo chró beag ag bun Chnoc a' Tighe
III
Tá'n bheachóg go meidhreach ag drandán
ag tógail na mileach ó'n bhláth
Tá'n londubh 's na duilleogaí glasa
Gabhail cheoil le na chéile le grádh,
Tá'n smolach ag seinm le subhailce
Ar an c[h]raobh glas is aoirde na suidhe
Agus mise le lúthghair ag éisteacht
In mo chró beag ag bun Chnoc a' Tighe(continues on next page)- Collector
- Brian Ó Duibhne
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Cnoc, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Neil Mc Bride
- Other names
- Neil Mc Bride
- Niall Mac Giolla Bhride
- Gender
- Male
- Age
- 81
- Occupation
- File
- Address
- Faiche Mhór, Co. Dhún na nGall