School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 265

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 265

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 265
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mháireach chuaidh an bheirt amach go han mhoch ar maidin agus bhí an téan ann rómpa. Chuaidh an bheirt aca ag ritheacht ar an éan agus níor bhain siad ádhmuid ar bhith. Níor rug siad air an lá seo acht an oiread agus nuair a chuaidh siad abhaile ní raibh ádhmuid ar bith aca. Bhuail an leas-mháthair iad agus chuir sí a chodladh iad gan suipéar ar bith an oidhche sin. Lá'r na mháireach bhí siad in a suidhe go han mhoch agus chuir sí amach iad ag iarraidh an ádhmuid. Nuair a shroich siad an áit bhí an téan ann rómpa. Dubhairt an mac ba shine go rachadh sé fhéin ag ritheacht air indiu, agus an duine eile a dhul ag baint an ádhmuid. Rug siad air an tríomhadh lá agus thug siad abhaile chuig a leas-mháthair é. Bhí sí an-tsásta leó an oidhche seo mar bhí an t-ádhmud aca. Dubhairt sí leó an téan a thabhairt chuig an rí agus go bhfuighidís airgead maith air. Thug siad chuige é agus dubhairt sé leó suidhe síos agus go réidhteóchadh an cailín taé dhóibh. Thug an rí faoí deara go raibh ainm eicínt sgríobhtha faoí dhá sgiathán an éin agus seo iad. "Aon duine a itheas mo chroidhe, béidh sé pósta le inghín Rí na Frainnce", agus bhí sé sgríobhtha faoí an sgiathán eile. "Duine ar bith a itheas mo aodha béidh sparán airgid faoí na cheann gach maidin nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Maighread Bean Mhic Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe