School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 280

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 280

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 280
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ghualainn agus thosuigh an t-asal dhá bhualadh ins an druim. Bhuail sé an t-asal agus bhain sé na cosa dhe, agus bhíodh sé dhá bhualadh agus san deireadh ní raibh an tasal inann imtheacht agus d'fhág an fear annsin é agus d'imthigh sé leis abhaile. Nuair a tháinig sé isteach d'fhiafruigh a mháthair dhe cá raibh an tasal agus dubhairt sé gur bhain sé na cosa dhe mar gheall gur bhuail sé ins an druim é agus níor thug sé leis é. Ara, a Sheáinín, a amadáin cé'n fáth nach ndeacha tú ag marcaidheacht air. Annsin chuaidh sé lá eile chuig an aonach agus cheannuigh sé bó agus nuair a bhí sé ag dul abhaile chuaidh sé ag marcaidheacht ar an mbó agus bhí an bhó ag rith annseo agus annsiúd. Bhí rí ar an mbaile agus ní raibh aige acht aon dhuine amháin agus ní bhfuigheadh aon fhear le pósadh í mar a mbaineadh sé trí gháire aiste. Chuaidh an fear seo siar agus aniar trí huaire thar theach an ríogh agus bhain sé trí gháire as inghean an ríogh. Chuaidh sí inaoinfheacht leis annsin agus cuireadh fios ar an sagart le iad a phósadh. Annsin rinne Seáinín bóthar plúir ó na theach fhéin go dtí an bóthar mór le haghaidh an tsagairt. Bhí gé ar gor san teach agus thóg sé an ghé as an nead agus chuir sé ag bruith san bpota í idir clúmhach agus chuile shórt agus chuaidh sé fhéin ar gor ar na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Máirtín Ó Conghaile
    Gender
    Male
    Age
    59
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe