School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 288
  3. XML “Tráchtas ar an Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tabhairt éadaigh agus bíadh dhóibh. Bhíodh bíadh agus éadach ag cuid de na daoine mar bhídís inann é a shaothrughadh. Is minic a d'imthigheadh chuile dhuine amach as an teach leis an ocras agus bhídís ag fághail bháis ar thaobh an bhóthair. Bhídís ag goid na bhfataí ó na chéile agus ní bhíodh plúr ar bith aca. Bhídís tuitíghthe ar taobh na mbóithribh leis an ocras agus a mbéal lán le féar. Bhídís ag dul anonn go Meriocá agus is báid seóil a bhíodh ag dul anonn an tam sin agus bhídís ráithe ar an bhfairrge. Chaithfeadh chuile dhuine an oiread éadaigh agus beatha a thabhair[t] leis agus a dhéanfadh an t-achar sin é agus ní bhíodh aon bheatha ná éadach ag na daoine seo agus bhídís ag fághail bháis ins na báid agus caithfidhe amach san bhfairrge iad. Bhí an gorta mór ann ó 1846 go dtí 1848. Bhí ocht milliún daoine i n-Éirinn roimh an ngorta agus níl acht cheithre mhilliún go leith ann anois. Théigheadh na daoine amach chuig an tráigh ar maidin gan aca acht brochán min bhuidhe. Sé an sórt sgiolláin a bhíodh aca ná gheibhidís cleite agus sháithidís isteach san bhfata é. Bhíodh na daoine ag ithe eascoin óga, báirní, faochain, agus féar freisin. Ní raibh daoine ar bith in a gcómhnuidhe i gCaladh Golam acht beirt bhan. Aon lá amháin chuaidh duine aca timcheall an chladaigh agus chonnaic sí "sherk" ar an tráigh agus dealg in a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Pádhraig Ó Conghaile
    Gender
    Male
    Age
    58
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe