School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 448
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear i gCrimlinn fadó darbh ainm Tomás Ó Murchadh.”
4.
Bhí fear i gCrimlinn fadó darbh' ainm Tomás Ó Murchadh. Lá dá raibh sé amuigh ag fiadhach dhúisigh sé girrfhiadh. Rith an girrfiadh isteach i bpúirín beag uaidh ach chuir seisean a láimh isteach i n-a dhiai[dh.] Fuair sé pota caife a bhí lán le píosa[í] óir istigh ann agus tharraing sé ama[ch] é. Tuairim an ama sin bíodh taidhbhse dhá fheiceál san áit a raibh an pota. "Taidhbhse na gcos ndubh" a tugtaí air, mar nuair a feictí 'sa' lá é bhíodh a chosa dubh agus nuair a feictí 'san oidhche é bhídis geal. Deirtear gurbh' é a chuir an pota i bhfolach agus go raibh go leór eile óir aige 'san áit chéadhna aige. Bhí sé ceaptha do Thomás é fhághail mar go raibh sé fial carthannach le cách. Tá a mhac beo ar an Mám anois. Tá sé ós cionn céad agus deich bliadhain ó fuair sé é.(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Máire Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe