School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 191

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 191

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 191
  3. XML “Púca na Cleithe Fada agus Iascairí an Domhnaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tímcheall trí fichid bliain ó shoin do bhí go leór iascaireachta ar siubhal tímcheall a’ chósta seo. Tráthnóna Sathairn bhí mór-chuid bád ag iascacht deargán fé róid ar charraig.
    T’réis roinnt íascaireachta a dhéanamh do tharraigídear go léir suas go luath agus do dheineadar an baile roim a’ dó-dhéag a’ chlog mar deirtear go leanann an mí-ádh íascaire a’ Domhnaigh.
    Bhí aon bhád amháin ann amhthach agus d’fhan sí amuigh go dtí a h-aon nó a dó a’ chlog. Fé dheire thiar thall do tharraigídear anios an ancaire agus do chuireadar na maidí amach. Bhí cúigear ag iomramh agus fear a’ stiúradh agus ní raibh síad abhfad sa t-siúbhal ’nuair do léim a’ captaen as a chabhail agus dubhairt sé leó go bagartach “Cuir díbh fheara, cuir díbh.” Oidhche bhreágh spéirghealaí do bhí ann agus níor thuigeadar goidé an fáth go raibh an deithneas air, ach mar sin féin do dheineadar rud air go deair.
    Ba ghearr gur labhair sé airís agus tuille fuadair fé. “Cuir díbh, adeirim-se, cuir díbh go tuigh”
    Do luigheadar ar na maidí chómh tréan agus do b’fhéidir leó é
    Bhí a’ captaen a’ bagairt ortha ar feadh na slígheadh go léir agus chuir san iongnadh a’ domhain ortha, mar fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí