Imleabhar: CBÉ 0312
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0319](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0319.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0319
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur ith Muracha Beag gur ith sé gach a ru sa
gcrúsga, agus rith sé. Well chua Muracha mór
insin, chua sé go mbainfeach sé slat. Agus
a’ t-ám sin bhí sé ráite go ru caint ag
chuile shórt - caint ag an tslat agus ag na clocha, agus
chuile short - nó cuireamuid i gcás go ru.
Chua sé go dtí an tslat.
"Cá’l tú goil?" adeir a’ tslat.
"Tá mé goil a’ baint sluit’," adeir sé, "slat
a bhuailfeach Muracha Beag a d’ól mo chuid súgh-
craobh (craéú)."
"Well, ní bhainfe tú mise," adeir a’ tslat, "go
bhfuíghe tú tua a bhainfeas mé."
Chua sé go dtí an tua.
"Well, céard tá uait?" adeir a’ tua.
"Tá mé a’ teacht i gcoinne tua," adeir sé, "tua
a bhainfeach slat, slat a bhuailfeach Muracha Beag
a d’ól mo chuid súgh craobh."
"Ní bhainfe mise aon tslat duit," adeir a’ tua,
"go bhfuíghe tú cloch a ghéarós mé. Níl aon fhaobh-
ar orm," adeir sí.
Chua sé go dtí an chloch fhaobhar.(leanann ar an chéad leathanach eile)