Volume: CBÉ 0370

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0023

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    23
    nuair a chuaidh sé a luighe, thoisigh sé a
    smaoitiughadh ar an bhomhal. Tháinig sise
    aníos agus d’fhág sí an bomhal ins an
    áit cheadna a rabh sé thoisigh seisean
    a smaoitiughadh ar an bhomhal dar leis
    féin ar maidín nuair a d’éirigh sé,
    "níl aon duine ag amharc orm agus
    amharcochaidh mé goide atá faoi bhéal
    an bhomhail." Thóg sé an bomhal.
    goide a bhí faoi bhéal an bhomhail ach
    lochóg beag. D’imthigh an lochóg. Tháinig
    sé anuas. Nuair a chuaidh sise suas
    a chóiriughadh na leabtha, thóg sí an
    bomhal is bhí an lochóg ar shiubhal.
    tháinig sí anuas, d’innis sí do’n fhear
    mhór gur leig sé ar shiubhal an lochóg.
    Nuair a rinne sé a bhricfeasta tháinig
    an fear mór isteach.
    "Anois" ar seisean; "na deán níos
    mo mhallachtaigh ar Éabha is ar Adhama",
    ar seisean. "Tú féin a chuir do
    bheatha dhith ort féin anois," ar seisean.
    Chuir sé ar shiubhal é b’éiginn do
    imtheacht, agus oibriughadh níos mó ar shon
    a chudach.
    Transcribed with automated handwriting recognition technology. Help us improve the transcription.
    Date
    9 June 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant