Imleabhar: CBÉ 0370
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0051](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0370%2FCBE_0370_0051.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0051
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)51
"go rabh sé ag an aifrionn agus lé
cuidiughadh dé go mbéadh shean domhnach
ó seo amach. Dubhairt siad go rabh
an casán ró-fhada aige. Dubhairt sé
má bhí féin go rabh sé breágh luthmhar
óg éasgaidh gasta agus gur bheag an rud
do a ghabhail ’un aifrinn uair amháin
’sa t-seachramháin.
An Domhnach sin a bhí chugar lé
h-éirigh gréine, d’éirigh mo dhiúlach ghléas
é féin suas agus bhain ar shiubhal amach
a tarraingt ’un aifrinn. Nuair a
tháinig sé ar amharc an bhealaigh mhóir,
ní rabh mórán daoiní ar an bhealach.
Bhí na sláighte, nó ar scor ar bith an
chuid a ba truinne aca ar shiubhal
thart. D’imthigh sé siar ’na ndiaidh fá
dheifre agus níorbh’ fhada go gcuala sé
an callán síorruidhe. Sheasaigh
sé
agus d’éist sé agus goide a bhí ann
ach beirt bhan a bhí amuigh a’ Mallachtaí
ar a chéile, ag easgoin agus ag(leanann ar an chéad leathanach eile)