Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)43
"A
ó tá mé annseo in-anas cruaidh.
"chaith anuas do leat bhróg, a deir sé,
"’go
bhfeicfidh muid cé an fear tire tú;
adhéir sé; na goide an chinneal duine
tú ar chor ar bith."
sgaoil mo duine bocht do bhróg fá
dheifre agus chaith sé síos an bhróg.
Ach cá h-áith ar chaith sé an bhróg
ach siar ’sa leabhaidh agus bhuail sé
bean an toighe a bhí ’na chodhiadh.
"Ó chluinn Dia sinn," adeir sí, goide
tá contrailte ar chor ar bith.
ag
éirigh dé léim na seasamh.
Musgail seisean an uair sin. Bhí
sé thuas go dtí na leat ’sa t-simleóir
agus gréim ar an crochadh aige agus
gan air ach a leath-bróg. Agus tháinig
sé cuige féin agus dubhairt sé gur sin
an chead bhrionglóideach a rinne seisean
ariamh. Agus gur bh’ i an ceann
deireannach í