Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0235](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0370%2FCBE_0370_0235.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0235
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)ar shiubhal ag imirt agus ag ól aon phighinn a bhfuigheadh sé greim air. B'ais an t-aos óg Chonall an ráite air.
Aon oidhche amháin bhí sé na luighe agus chuaidh sé a bhrionglidígh, trí h-oidhche
roimhe oidhche Shamhna úr. Chonnaiceas do gur h-iarradh ins an bhrionglóideach
air a ghabhail go dtí bun binne a
léithid seo dhe bhinn agus cá bith a gheobhadh sé ann a thabhairt leis na bhaile.
Nuair a d’éirigh sé ar maidín d’innis sé do na mhathair é;
"Ó! ghlagaire bhoicht," arsa sise.
An dara h-oidhche nuair a thuit sé 'na chodladh rinne sé an bhrionglóideach cheadna cheanann; a gabhail chinnte
oidhche Samhna úr go bun na binne agus cá bith a ghéobhadh sé ag bun na binne a thabhair leis na bhaile. D’innis sé ar maidín do’n mhathair é. Bhagair sí sin air a bheith ’na thost
agus gan a bheith ag cainnt ar
bhrionglóideach a’ déanamh glagaire do(continues on next page)