Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)annseo i Rann-na-Feirste air. Bhí lá iongantach fliuch ann an lá sin agus fághadh an bheirt againn istigh in áit iongantach aimhréidhteach. Shiubhail muid
linn fríd choibhreann mór féir
muid amach agus isteach in díogacha go dtí go rabh muid dtoigh Fheidhlimidh. Agus
ins an am sin bhí muid ar mbeirt
fliuch go croiceann indiaidh a bheith a shiubhal frid an féar fada.
Shróich muid teach Feidlimidh fá dheireadh; tuirseach sáraidh leis an úalach a bhí linn agus an casán a bhí linn frid dhíogacha agus chlaidheacha. Teach
beag deas do'n tsean déanamh atá i dteach Fheidlimidh; cisteanach mhór bhreagh
ceann tuighe agus seomra sglataí; é suidhte go h-iongantach dheas in asgail
gleanna ar bhruach na fairrge.
Chuaidh muid ar mbeirt isteach. Bhí bunadh an toighe uilig istuigh; an sean phéire agus mac agus inghean
díobhtha agus Ua _. Chuir siad fáilte romhain agus d’iarr _ orainn druidim aníos leis an teinidh. Agus bhí sin(continues on next page)