Imleabhar: CBÉ 0376
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0032](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0376%2FCBE_0376_0032.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0032
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)33
a ministir fháilte rúmpa. Tháinig lucht na h-oibre
do bhuaileach corcán mór práthaí ar bhórd
ór fada agus plátha feóla i bhfiainise nach aon
bheirthe agus do shuig an seana-mhinistir ar cheann
a búird agus chuir sé an sagart próiste ar
chúinne ’n bhúird lé n-ais. Shuig a’
ol chodla lé n-ais sin. Chuaidh
a chlann féin is na seirbhísig chuin íochtar
a’ bhúird agus do bhí an bhórd chómh fada agus do
graibh smut spártha do ná raibh ao’ phrátha air
Do bhuail a chailín mias feóla ar íochtar a’
búird agus do léim oireadh gamna do chat
anáirde ar íochtar a’ bhúird agus seo ag
ithe na feóla é. Nuair a léim a’ cat
anáirde agus d’fháisc sé ar a bheith ag ithe
na feóla do thairrig a’ sagart paróiste
a chathaoír siar ’o’n mbórd.
"ba dhói’ liom," arsan ministir," ar sisean, "go
rabhais a’ fáil bháis leis an ucaras ó
chiainibh," ar sisean, "agus cad fáth," ar sisean, "ná
h-íosfá an bia ’nois?" ar sisean
"Ó," arsan sagart," ar sisean, n’fhéudfainn ao’(leanann ar an chéad leathanach eile)