Imleabhar: CBÉ 0376
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- chapall chríona chaithte lán do sheana-chlúmh agus lán
do mhuireacha agus a chosa deire sgríoba na talún
’n-a dhiaig.
[Deire Fiteán .797.
Tosach Fiteán. 798.]
Tháinig a’ seana-chapall agus do chuir sí a cheann sa
tsriain. Bhuail sé ’n tsrian uirthe is d’árdui’ sé
leis í agus an iallait agus an náire is mú bhí
riamh air imeacht tríd a’ mbaile mór léi
agus ní dh’fhéuch sé siar ’n-a dhiaig uirthe ach a
cheann fé ’ge ná cídhfeach sé éinne is dar
leis féin an baile mór go léir a’ féuchaint
air. Nuair a tháini’ sé 'mach as a’ mbaile
mór dubhairt a’ seana-chapall leis :
"Ná raghfá ar marcuíocht."
"Mhuise nár lige Dia do mharcuíocht dom," ar seisean.
Croith sí í féinig agus ní fhág sí
ribe clúimh uirthe féinig agus n’ fheacaoís capall
breágh deas riamh ach í agus ní raibh aon
chnea uirthe fé cheann chúig núimiontaí.
"Téire ar marcuíoch," ar sise.(leanann ar an chéad leathanach eile)