Imleabhar: CBÉ 0376

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0340

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    amach é maidean chuin na ba a thúbhairt abhaile. Bhí ’n
    bhó dhonn ag ithe as toir go raibh deatach amach
    as agus bhí sí a’ géimirig. Tháini’ sé bhaile a’ ruth [rith] agus dubhairt sé lé na mháistir go raibh sí sin ag ithe as thor go raibh deatach as agus go
    raibh sí a’ géimrig. Dubhairt an máistir leis árus a bhreith leis agus an bhó do chrú. "Agus ná doirt aon bhraon do".
    D’imi' sé agus do chrúig sé ’n bhó agus ní chuaidh
    bainne na bó ar fad insa n-árus a bhí ’ge. D’ól sé chuid do’n bhainne chuin a’ bhó do ghlan-
    chrú agus tháini’ sé bhaile agus d’fhiafruig an máistir
    do ur dhoirt sé aon phioc do’n bhainne. Dubhairt sé leis ná dhin ach gur ól sé chuid do ná raghach bainne na bó ar fad insa n-árus.
    "Ó," arsan máistir leis, "ná laitimís fhéin a chéile," ar sisean, "ól é go léir anois". agus is sin é, as bhainne na bó do fuair sé an
    fios.
    Do bhíoch na sagairt a’ ruagairt ar Mhuiris ar a' sli bhíoc sé a’ cainnt agus á rá ná raibh aon cheart aige a bheith a’ cainnt. Do bhí sé dul lá go dtí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    17 June 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir