Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)An Triúr Chailíni
Bhí triúr chailín ann fadó. Bhí beirt aca an deas, chomh deas le aon chailín dar bfaca aon duine ariamh, acht ní raibh sé sin le rádh i dtaobh an chailín eile mar fionnadh a bhí uirthe ar fad agus ar leithead. Ní raibh spota dá corp nach raibh troigh go leith fionnadh ag fás as.
Lá amáin dubhairt an bheirt chailíní deasa go racadh siad ar thóir oibre dóibh féin, agus dubhairt an chailín eile go racadh sí fhéin leo freisin.
Bhí go maith is ní raibh go holc dimthigheadar leo. Bhíodar ag siubhal agus ag siar shiubhal gur casadh teach mhór dóibh. Rígh a bhí ina chomhnuigh sa teach seo, agus ní raibh ann acht é féin agus a bheirt mhic.
Chuadar isteach agus dfiarr na beirte cailíní deasa aimsir. Gheobhfaidh sibh sin agus fáilte ars an rígh. Annsin dfiarr an cailín a raibh an fionnad uirthe aimsir. Gheobhfaidh tú é ars an rígh, ach caighfidh tú innseacht dom i dtosach ceárd atáir inán a dhéanamh
Tugaim na ba isteach ars an cailin agus blithighim iad. sin é direach an rud a theastuigheann uaim ars an rígh sa teach seo mar níl an taon dhuine ann le aire ná fosaigheacht a dhéanamh. Tháinic an oidhche agus chuaidh na cailíní i seomra dhóibh féin agus chuaidh(continues on next page)