Volume: CBÉ 0441 (Part 2)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0112

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Lár na bhárac chuadar amac agus nuair a fuair fear na firinne amuigh iad, amach leis fhéin, agus fuair sé an buideal poitín. Chuimil sé ar a chroiceann e agus dfás an chroiceann aríst go tiugh air.
    Chuir sé an buideal ina phóca agus dimthigh leis go inghean an righ. Bhí sí sínte ar an leabaidh gan i ndán corruigh le briseadh chroidhe. Bhí a hathair agus a máthair ann agus na gaoltaibh agus briseadh croidhe ar chuile duine aca.
    Nuair a chuaidh fear na firinne isteach chuaidh sé anonn go dtí an leabaidh a raibh inghean an righ ann.
    Dinnis sí dhó céard a tárla dhí. Na bíodh brón ort a chailín ars an fear na Firinne, ag tarraingt buideal as a phóca. "Blas é sin dubhairt sé le inghean an righ "Blas sí dhé agus nuair a blas deirigh sí aniar as an leabaidh chomh maith is bhí sí ariam. Dimthigh an briseadh croidhe annsin agus posadh fear na firinne le inghean an Righ. Nuair a bhí sé mí nó mar sin pósta chuaidh an chuairt chuig a mhuinntir, agus sul ar imthighe thug an Righ mála óir dhó le tabhairt dá athair is dá mháthair. Nuair a chonnaic Fear na mbréag chomh saidhbhir is bhí fear na Firinne dimthighe sé, agus chuaidh sé i bfolach fé dabhac Righ na Gcat. Nuair a tháinic an oidhche dubhairt siad gur goideadh an poitín agus go bfuil inghean an Righ go maith agus caithfhidh sé go raibh duine éigin istigh. Thósuigh siad ag tóruigheacht agus fuair siad Fear na mbréag agus stroiceadar ó na ceile é. Sin deiread an Fhir Breagac.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    26 October 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant