Volume: CBÉ 0441 (Part 2)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0133

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0133

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    dia an máthair. Bhuel anois arsa Dia, dorduigh tú le do bhean leabaidh an duine bhoicht do chóiriughadh agus níor chóirigh. Buel ní deanfhaidh an greasaidhe aon mhaith an fhad is bhéas sé ag obair mall oidhche Shatharna, agus an teach a bfuil an balbhán ann, is annir í sin agus fanfhaidh sí mar sin go deo, agus an teach a bfuil an braon anuas, bhain sé sin [?] luachra a thalam bhaintrighe, agus go deo nó go mbéidh an tuighe lobhtha béidh an báisteach anuas ins teach, agus i dtaobh do athair tá sé sin sa bfhlaithis, agus sin é an fáth a raibh lá garbh dá adhlacadh, agus do mháthair chomh bréagh is bhí an lá, sé an tughdar a bhí leis. Ní fheadfhadh sí dul chun na bflaithis chomh luath le tathair.
    Chuaidh sé abaile annsin, agus dinnis sé don fhear cen fáth a raibh an baisteac anuas ina theach thug an fear seo mála airgead dhó, agus dinnis sé a chás den fear a raibh an balbhán aige. Thug sé seo mála airgead dó, agus dinnis sé don ghreasaidhe cen fáth nach raibh sé ag déanamh airgead. Thug sé seo mála airgead dhó. Chuaidh sé abhaile annsin ag bhí sé saidhbhir uaidh sin amac.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    10 November 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant