Volume: CBÉ 0441 (Part 2)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0196

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0196

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    suas leis. Ba chuma leis annsin ins an domhan donn céard a dhéanfadh rud ar bith acht Dia an t-aon mhaicín amháin a fhágáil beo aige. Ní raibh buachaill na cailín aige acht an oiread agus ní raibh a fhios aige ar bith mhór céard a dhéanfadh sé gan cailín a thiúbhradh aire don pháiste mar ní raibh aon chailín le fághail.
    "Anois bhí deirbhshiúr fathaigh faoi n-easacht míle dhó agus chuaidh sé comh fada lei aon lá amháin agus dfiafruigh sé di an dtiocfadh sí abhaile leis mar cailín aimsire chun aire a thabhairt don pháiste. "Bhuel", ar sise ní féidir liom seo a fhágáil acht más maith leat tabhair an páiste chomh fada liomsa agus bhéarfaidh mise fhaire mhaith dhó ná go raibh sé bliadhain agus fiche. "Bhuel go raibh míle maith agat", ars an ríogh dhéanfaidh sin. Chuaidh an ríogh abhaile agus thug sé an páiste arais chuig an mbean seo. Choinnigh an páiste annsin go raibh sé ina fhear maith láidir.
    Téigheadh an ríogh chomh fada leis anois agus arís ag breatnú air agus bhí bród air de réir mar bhí sé ag dul chun cinn. Tamall ina dhiaidh sin rinne an ríogh suas a intinn go bpósadh sé arís agus bhí a bhail air phós. I gcionn tamaill mhaith rugadh beirt inghean dhó agus bhí cion mhór aige orthasan chomh mhaith agus ina dhiaidh sin féin ba mhó go fada an chion a bhí aige ar an mac. Ní raibh a fhios ag a bhean go raibh sé pósta ariamh ná raibh aon mhac aige acht oiread ná go raibh sise pósta aige cúpla bliadhain. Nuair chuala sí seo níor chuir an sgéal mórán broid uirthi agus ní hé a gáire a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    18 November 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant