Volume: CBÉ 0441 (Part 3)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)199
teacht é agus ní fhaca siad ag imtheacht é acht an oiread le na
chéile.
Maith go leór annsin dith Seaghan agus máire a súipéar
maith an oidhche úd chomh slán folláin agus a bhí siad ariamh.
Acht trí oidhche ón oidhche seo bhí Séaghan bocht marbh. Níor leig
an faitchíos de mháire gan an rud a dorduigh sé di a
dhéanamh sé sin le rádh na cártaí a chur ins an
gcómhnra leis agus dá bhrígh sin béigeann dí sin a dhéanamh.
Nuair a chuaidh Seaghan i láthair dhá bhí na cártaí leis agus
ní raibh aon dul isteach le fághail aige muna bhfágfadh sé
ina dhiaidh iad taobhamuigh acht deamhan sin baoghal a bhí
air Seaghan sin a dhéanamh
Ní bhfuighidh tú isteach," ars Naomh Phéadar munag
bhfághaidh tú na cártaí taobh amuigh. Ní fágfidh," arsa Seaghan
muna leigidh tusa isteach mé leigfidh an fhear thíos isteach mé.
Dimthigh Seaghan gan a thuilleadh a rádh agus ba ghearr gur
shroic sé an áit thíos agus mo léan leigheadh isteach annsin é gan
mórán moille. Dfiafruigh an buachaillín dhó an mbeadh cluithe
aige leis agus dúbhairt seisean go mbeadh. Dúbhairt an buachaillnt
Go gcuirfadh sé an méid anamacha a bhí aige leis agus dúin
Seaghan go mo chuma leis. Thosuigh ortha ag imias agus mo
léan bhain Seaghan chluice agus chluice eile agus ar dheireadh na
cúise bhí an bhuaidh aige. Nuair a bhí an méid sin bainn
aige déirigh sé suas agus doscail sé an geata agus lean an(continues on next page)