Volume: CBÉ 0441 (Part 3)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0172](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0172.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0172
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)le báinidhe. "Anois a dearbhráthair," ar seisean má leigeann tusa an bhó an bealach sin arís acht marbheóchaidh mise í. Bhí an fear bocht
ag déanamh a dhícheall chun an bhó a chosainnt ó lámha an námaid.
Annsin aon lá amháin nuair a bhí an fear bocht as baile téigheann an bhó treasna ar an teórainn isteach go páirc an nfear eile. An dá luathas agus a chonnaic seisean í thainic sé ina rith chomh fada lei agus marbhaigh sé í. Ins an
tráthnóna nuair a thainic an fear eile abhaile bhí brón mór
air agus ádhbhar aige nuair a chonnaic sé an íd a bhí déanta
ag a dearbhráthair. lá ar na bhárach nuair déirigh an fear
bocht chuaidh sé amach agus thug sé leis sgian agus dfeann sé an croiceann di.
Nuair a bhí an méid sin déanta bhuail sé an croiceann ar a dhruim agus thug sé a aghaidh ar an mbaile Mór. Bhí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht ar feadh i bhfad.
faoi dheireadh luigh éinín ar an gcroiceann ag píocadh
dhó féin. Chuir an fear siar a láimh agus fuair sé greim ar
an éinín agus choinnigh sé é. Dimthigh leis píosa eile agus ba ghearr go dtainic sé chomh fada le teach ar thaobh an bóthair.
Chuaidh sé isteach ann agus an dá luathas agus a chonnaic an fear a bhí istigh ag teacht é rith sé isteach ins an t-seómhra agus buidéal mór uisce beatha leis. Ní raibh aoinne ins an teach
acht bean an tíghe agus dfan sise mar a bhí sí. Níor thainic
an fear a bhí istigh ins an tseómhra amach ar fear an(continues on next page)