Volume: CBÉ 0441 (Part 3)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0174

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0174

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    253
    liom.
    Maith go leór annsin thug an fear seo trí chéad púnt dó ar
    an éan agus gan ceó de mhaith ann acht an oiread le chan ar
    bith eile. Nuair a fuair an fear seo é féin imthighthe tamall
    ón teach ní dhearna sé acht an chroiceann a bhí leis é a chaitheamh
    i bpoll agus annsúd leis abhaile bródamhail go leór. Nuair a shroic
    sé an teach thainic an dearbhráthair sáidhbóir chomh fada agus
    dfiafruigh sé dó an bhfuair sé luach maith ar an gcroiceann.
    "Bhuil a stór," ar seisean ní raibh croiceanna ariamh chomh
    daor. Fuair mise trí chéad púnt ar an gcroiceann a bhí liom
    féin agus dá mbeadh céad ceann acu lion gheobhainn an rud
    céadhna ar gach ceann acu.
    "Bhuil más mar sin é," ars an dearbheáthair
    saidhóir marbheóchaidh mé gach bó atá agam féin. Chuaidh sé
    abhaile go tapaidh agus rinne sé amhlaidh. Acht darnóigh bhí an
    dearbhráthair bocht dhá marbh féin ag gáire faoi nuair
    chonnaic sé go raibh sé chomh sanntach sin ag airgeadh.
    lá ar na bhárach thug an dearbhráthair sáidhbhir leis na
    chroiceanna go léir agus bhuail sé an bóthar leo. Bhí sé ag
    imtheacht agus ag síor imtheacht acht dá mbeadh sé ag imtheacht
    go dtí an lá indiu ní bhfuigheadh sé aoinne a dfiafruigheadh
    dhó cá raibh sé ag dul. Nuair bhfada leis a bhí sé ag imtheacht
    phill sé abhaile agus é le dearg bháinidhe. Nuair a thainic
    sé abhaile chuaidh an fear bocht chomh fada leis agus thosuigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    12 November 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant