Volume: CBÉ 0441 (Part 3)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0175](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0175.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0175
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)153
air ag cur fáinnis leis cén. chaoi ar éirigh leis.
"Ó," ars an fear sáidhbhir dá dtugadh an diabhal leis
thú acht banfaidh mise ina shásamh asat is deas an bháil a
chur tú orm ag rádh liom go bhfuighean luach maith ar na
chroiceanna. Mar sin de bhí thusa ag cur ar do dhon fhéin faoi
chómhair an lae i mbárach. Chuaidh an fear bocht abhaile annsin
acht lá ar na bhárach bhí an fear sáidhbhir ag béal an
dorais aige moch go leór. Bhí an fhear sáidhbhir i bhfad níos
láidire ná an fhear bocht agus dá bhrígh sin rug sé greim
air agus chur sé isteach i mbó mála é agus cheangail sé béal
an mhála go caol cruaidh.
Anois," ar seisean amach as an mála níl le
theacht agat ná go mbaidfidh mise thú. Bhuail sé an mhála
ar a dhruim agus an dearbhráthair bocht istigh ann agus dimthigh
leis. Bhí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht ar feadh i bhfad.
acht ag dul treasna claidhe dhó d’éirigh grrfheadh agus é ar
trí cosa agus ritheann sé ar siúbhail. Leag an dearbhráthair
báidhbir an mála le hais an chlaidhe taobh istigh agus ritheann
sé i ndeaidh an grrfeadh. Bhí an dearbhráthair bocht istigh
ins an mála le hais an chlaidhe agus é ag rádh. "Ó nach
h-aoibinn Mac dé dom agus mé ag dul go flaitheas. "Ó nach
aoibhinn Mac dhá dom agus mé ag dul go flaitheas. Bhí sé mar
sin ar feadh i bhfad agus i bhfad.
Faoi dheireadh thiar tháll bhí fear ag dul an(continues on next page)