Volume: CBÉ 0441 (Part 3)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)Hanraoi Crosach gaistidheach iongantach a bhí ina chómhnuidhe ar an Tearmon i n-Iorrus. Bhí maide lámh leis agus an bhfuil a fhios agat cén meadhchaint a bhí sé acht leith chéad níor iompair sé ina lámh ariamh aon mhaide níos éadtroime. Dfiafruigh sé di cá raibh a triall ná cé hí féin. Dinnis
sí dhó gach rud agus an gabh a raibh sí imthighthe tríd agus
go raibh faitchíos uirthe go gceapfadh siad í arís. "Ó ná
bac leo," arsa Hánraoi ná thigeann siad acht ní leo a
gheobhas.
Maith go leór annsin nuair thainic siadsan abhaile
chuaidh siad chomh fada leis an leabaidh ná go bhfeicfadh
siad an raibh an deirbhsiúr ann acht nuair a chuaidh ní raibh le fághail acu acht toin agus neanntóg. "Ó is fíor
sin," ar siadsan tá bhur mio-thap déanta againn sí bhur
ndeirbhsúir féin atá marbh againn. Shuidh siad síos go
brónach mí shásta ar feadh tamaill. Acht ina dhiaidh sin
rinne siad smaoineadh eile agus dimthigh leo ina diaidh ná
go gceapadh siad arís í. Nuair a bhí siad i ngar do Hanraoi thug siad faoi deara go raibh duine ag imtheacht roimhe ins an mbóthar.
Mo léan níor leig siad ortha féin gur ar thóir aoinne a bhí siad. Nuair a cheap siad suas leis beannuigh siad dó go geanamhail agus bheannuigh seisean dóibh.
"Bhuel," ar siadsan leis an bhfaca tú aon chaora straé(continues on next page)