Volume: CBÉ 0441 (Part 3)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)ag dul an bealach seo. "Cén sórt caora a bhí innti," arsa
Hanraoi. "Ó caora bhán," arsa fear acu. "Bhuel," arsa Hanraoi chuaidh sí treasna an bogach sin tháll tá cúpla nóiméit ó shoin. Ní raibh an dara focal ráidhte acu nuair rith siad chuige. Sheas beirt acu roimhe agus an fear eile ina dhiaidh. Bhí a mhaide láimh le Hanraoi ar a ghualainn an uair seo agus an fear a sheas taobh thiar de fuair sé greim ar an maide.
Ní dhearna Hanraoi faic acht an maide a tharraingt air aniar eidir fear agus eile. Bhuail sé an fear sin in aghaidh ceann don bheirt eile agus mharbhuigh sé beirt acu le aon bhuille amháin. An fear a bhí slán tuig liomsa a innseacht dhuit nach raibh sé i bhfad ag imtheacht go tapaidh le mhéad agus an faitchíos a bhí air. Dfág Hanraoí an bheirt a bhí marbh annsin agus shiúbhail leis ná gur chongbhuigh sé suas leis an gcailín arís. Go deimhin acht i beag ar chas Dia an gaistidheach an bealach ba ghearr é saoghal an cailín bhoicht. Dfág Hanraoi an cailín slán sábhailte ins an mbaile ina dhiaidh sin.