Volume: CBÉ 0441 (Part 3)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)Is beag de bhárr nach dtainic lagar uirthi ar dtús nuair a
chonnaic sí an cat. Acht annsin bhí a fhios go rígh mhaith aici
gurab é an tailliúr a rinne an gníomh sin agus níor dhúbhairt
sí faic.
Thug sí lei an cat agus dfeann sí é. Annsin fuair sí coinín agus sicín agus ghlan sí iad ós cómhair an tailliúir acht
níor fheann sí an cat ós a chómhair. Chuir sí an coinín agus an sicín ag bruith i bpota amháin agus annsin bhruit sí an
cat i bpota dóibh féin. Bhí an taillúir marbh go deo le bród nuair chonnaic sé bean an tíghe ag fághail faoi réir ag cur síos an choinín agus an tsicín. Bhruith sí
an dinnear annsin agus nuair a bhí sé réidh cuireadh chun buird an taillúr chuig a dhinnéar. Caith bean an tíghe ar siúbhal an coinín acht chongbhuigh sí an
cat.
Chuir sí an cat ar phlata don tháilliúr gídh nach raibh
a fhios aige ar thada. Choinnigh sí féin agus na páistaí an
sícín agus dith siad é le na ndinnéar. Dith an táilliúr
suas béile maith sásta maidir le neart don chat bheadh
aige. An fhad agus a bhí sé ag ithe níor dhúin a bhéal acht ag rádh le neart trom chúis ar bean an tíghe mar gheall ar an mbeart a bhuail sé uirthi. "Is fearr
greim de choinín ná dhá ghréim de chat" agus é ag ithe an
chait an uair sin agus gan a fhios aige air. Bhí sé ag(continues on next page)