Volume: CBÉ 0596 (Part 3)
- Date
- 1939
- Collector
- Location
On this page
(no title)
“Maith i n-aghaidh an uilc" - a órduigh Pádraig (Naomh).”
(no title)
“Cad chuige an hallbó-hé go léir" - le duine a bheadh ag glaodhach, srl. agus ana ghleó aige.”
(no title)
“Ní bheinn am' bodhradh féin leis" - i dtaobh duine go rabhthas a d'iarraidh rud éigin a mhíniughadh dho agus san ag teip.”
(no title)
“Chuirfeadh an rud ruadh ag gol é" - leanbh, srl. gur fhuirisde é chur ag gol.”
(no title)
“An chéad giorrfhiadh a bhí ar an saoghal do shocruigh sé ar é féin a chur chun báis de bhrígh go mbíodh eagla air...”