School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Location:
- Newport, Co. Mayo
- Teacher: An tSr Padraig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)droch-gnaomh a rinne sí air agus ghuidh sé ar Dia aith-uair, corp marbh agus bheith i Roilig Naomh Bhrighide gach Luan.
“Má seadh” ars Brighid “ná raibh ann ach corp fuiseóige.”
–
Gach bliadhain tagann na sluaighte daoine go Ros cléibhe, leis na stáisiúin do dhéanamh annsin. Déanann siad na stáisiúin seo in aon turus go sabhálfaidh Dia ian féin agus a gcúram ó gach anachain agus tinneas na bliadhna agus a gcuid mbeithidheach ó gach aicíd agus dochar na bliadna. Tosnuighid an stáisiúin ag an tobar beannuighthe atá taobh leis an séipéal, annsin déanaid turas thart timcheall an séipéal, thart timcheall cloch mhór ar bhruaich na fairrge, agus an turas deire ag an tobar arís. Má Feictear aon rud beó san tobar an turas seo comhartha é go n-éistfidh Dia leo, agus go mbéidh siad siad féin agus a gcúram fá chomairce dé, rith na bliadhna. Má gheibhtear radhairc de Cill Bridhde agus an stáisiúin dá dhéanamh, droch-comhartha seadh é seo.- Informant
- Tomás Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Rosclave, Co. Mayo