School: Caurane (C.) (roll number 13176)
- Location:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Teacher: Bean Uí Fhaoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caurane (C.)
- XML Page 313
- XML “An Fear Bocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'éirigh sé ar maidin agus dubhairt sé le na mhnaoi, "Tá a fhios agam anois an áit a gheobaidh mé sgeach mhór a chuirfidh mé san ngeata.
Annsin thug sé a thuagh leis agus chonnaic sé an sgeach ag fás i gcoirnéal an dhúin. Dubhairt sé leis féin go mbainfeadh sé í. Thosuigh sé ga' baint agus thosuigh an sgeach ag cur fola. Suidh sé síos agus las sé a phíopa. Thosuigh sé ag gearradh arís agus thosuigh an crann ag cur fola arís. Dubhairt sé leis féin go rachfadh sé abhaile agus go dtubhradh a bhean comhairle dó.
Nuair a tháinig sé abhaile d'iarr a bhean air an raibh an sgeach bainte aige. "Ó níl," ar seisean, "nuair a bhí sí timcheall leath geárrtha thosuigh sí ag cur fola. Féach an fuil atá ar mo thuagh agus ar mo lámha. Tá pian mór in mo cheann agus déan(continues on next page)- Informant
- Páraic Mac Niallaigh
- Gender
- Male
- Address
- Ballingarden, Co. Mayo