School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)
- Location:
- Tagheen, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Maoilearca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)similéar sin comhartha báistighe. Má bhíonn an criogair ag seinm agus an gearradh stocaí nó ag teacht amach ar an teinteán sin comhartha báistighe.
Bheireann an ghaoth andheas agus an ghaoth aniar báisteach leo, an ghaoth i dtuaidh sneachta, agus an ghaoth anoir tinneas.
Má bhíonn na cloche fluich nó má thriomuigheann siad go tapaidh tar éis ceatha is comhartha baistighe é seo. Má bhíonn na h-éanlaithe ag eitilt go h-íseal nó na faoileáin ag eitilt in aghaidh na fearthaine, nó an spideóg ag teacht go dti an doras, nó na caoirigh ag iarraidh fasgaidh nab a ag rith nó ag iarraidh teacht abhaile go luath sa trathnóna seo comharthaí báistighe. Deirtear go mbíonn na h-éisc ag snámh ar bhárr an uisge nuair a bhíonn fea[r]thain ag brúghadh linn. Deirtear freisin go dtosuigheann an madadh ag ithe féir.
Má bhíonn gaoth mhór ag teacht éirigheann an spéir fudháin agus(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Maoilearca
- Gender
- Male