School: Cill Bheidhin (Kilvine) (roll number 16019)
- Location:
- Kilvine, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Ó Reachtagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Bheidhin (Kilvine)
- XML Page 647
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaint.in a thagadh an lioprachán. Luighe sé síos agus leig sé air féin go raibh sé in a codhladh. Níorbh fhada dhó annsin nó go dtáinig an lioprachán. Bhí fhios aige go maith nach raibh Páidín in a codladh. Bhí féasóg an-fhada ag Páidín.
Nuair a tháinig an lioprachán chuige dubhairt sé "Dá mbeadh mé in ann dhá ribe de d'fhuisgear a fhágháil bheadh rópaí agam do m'chaiplín ar feadh mo shaoghail a Pháidín," ar seisean. Níor leig Páidín air féin gur chuala sé an lioprachán ar chor ar bith agus leig sé dó aon ribe a fágháil. Díreach nuair a bhí sé ag bainnt an dara ribe rug Páidín greim air agus dubhairt sé, "Tá tú agam." Annsin d'iarr sé air an taisge a thabhairt dhó. Dubhairt an lioprachán go raibh sé sáthach luath agus(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Reachtaire
- Gender
- Female
- Address
- Ballinvilla, Co. Mayo
- Informant
- Máire Uí Ciarráin
- Gender
- Female
- Address
- Ballinvilla, Co. Mayo