School: Muirnín (roll number 3968)
- Location:
- Murneen, Co. Mayo
- Teacher: Bríd, Bean Uí Mháille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Muirnín
- XML Page 094
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I. Chuaidh mé isteach san ngáirdín chas m'oncal Shéamus orm dó bhain me an ceann dhe agus d'fág me a chorp go sóchamhail.
Freagra :- Tor Cabáiste.
II. Fear dearg in-aice leis an gclaidhe itheann sé gach rud acht ní ólann sé uisge.
Freagra :- Teine.
III. Chuaidh mé suas an bóithrín chas mó mhama Noirín orm bhí srón iarainn uirthí agus méaracha airgid agus is í a chuirfeadh ruaigh ar na préacháin. Freagra:- Gunna.
IV. Chuaidh céad caorach amach an bhearna chuaidh céad eile in a ndiaidh chuaidh fear agus a mhadadh in a dhiaidh sin ce mhéad chos é sin. Freagra:- Dá chois. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Tomás Ó Ráighne
- Gender
- Male
- Address
- Murneen, Co. Mayo