School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"An Girrfiadh Sidhe."Uair amháin bhí fear darbh ainm Seán Ruadh agus 'sé an tslighe bheatha a bhí aige ná ag obair ar na bóithre. Lá áirithe bhí sé ag obair ar an mbóthar taobh thiar de Bhaile an Ródhba. Chuaidh faibhléara thart agus bhí go leor girrfeidhthe aige agus thug sé girrfiadh do Sheán. Léim a chroidhe le háthas nuair a fuair sé an girrfiadh mar dubhairt sé leis féin go mbeadh dinnéar breagh aige an lá dar gcionn.
Nuair a tháinig Seán abhaile an trathnóna sin bhí sé ró-thuirseach chun an girrfiadh a fheannadh agus leag sé ar an mbord é. Sul a ndeachaidh sé a chodladh scap sé fataí ar an urlár le haghaidh na gcearc ar maidin. Istigh sa teach a bhíodh na cearca aca an uair sin. I lár na hoidhche chuala Seán na cearca ag glaodhach agus ag eiteall anonn is anall sa chistin. Léim sé suas sa leabaidh agus rith sé anuas go dtí an cistin.
Céard a chonnaic sé acht an girrfiadh a bhí mar dhóigh dhe marbh in a shuidhe ar an urlár agus é ag ithe na fataí a bhí le haghaidh na gcearc. Ní dhearna Seán acht greim d'fhágháil ar bhata mór láidir a bhí ar chúl an dorais agus cúpla bhuile a bhualadh ar an girrfiadh leis agus mharbhuigh sé é. Chaith sé ar an mbord é arís agus chuaidh sé a chodladh go maidin.(continues on next page)- Collector
- Winnie Warde
- Gender
- Female
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo
- Informant
- Pat Warde
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo